Measúnófar ainmniúcháin i gcomhchruinniú den Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus den Choiste um Fhorbairt. Tar éis an mheasúnaithe sin, vótálfaidh an dá choiste ansin chun gearrliosta de thriúr iarrthóirí a thabhairt ar aird, in ord aibítre, as a roghnóidh Comhdháil na nUachtarán buaiteoir amháin.